Canaid Lia Fáil (Instrumental Version) Cúig cinn de bhealaí a cheanglaíonn thú Ceithre cinn de ghaotha a bheannaíonn thú Trí cinn de chloigne a phógann thú Dhá sháil chinniúnacha a aireoidh do bhéiceach fúthu Ar Chnoc na Teamhrach ina sheasamh,Lia Fáil Ar Chnoc na Teamhrach ina sheasamh, Lia Fáil Mise croí cloiche Inis Fáil An croí a bhfuil rúin ar eolas ann i bhfolach An croí a aithníonn gach dúíl is díth An file nach gcanann ach,faoi dhá sháil fhíor-rí Canaim amhrán Inis Fáil Do mhian Éireann go fíor, Brisfidh mé mo thost Cluinfear mo bhúir sa ghort torthúil Ín anáil na síochána, sa ghleo tairbheach Is iad a thug chun a' chnoic mé, A bhréadaigh mo thoil don chúig Is iad a dúirt an tír a chosaint Agus dán Inis Fáil a stiúradh